Seachtain na Gaeilge 2021

Seachtain na Gaeilge
19th – 23rd Aibreán 2021
An tseachtain seo caite bhain an scoil ar fad taitneamh as Seachtain Na Gaeilge. Bhíomar ag céiliúradh ár gcultúr, ár n-oidhreacht ach go háirithe an Ghaeilge. Faraor, ní raibh an seans againn Céilí a eagrú nó damhsa a chleachtadh, mar is gnáth, ach tiocfaidh na laethanta sin arais – Gheobhaidh foighne forthacht!
I mbliana bhain na daltaí taitneamh as poc fada, torraíocht taisce, tráth na gceist, bíongó, gearrscannán agus cluichí boird.
Le linn Seachtain na Gaeilge bhí bua iontach ag Jack Burke (5ú bl.)- bhuaigh sé díospóireacht leathcheannais de chomórtas óráide an Phiarsaigh – táimid ag tnúth leis an gcraobh!
Míle buíochas. do Roinn na Gaeilge as Seachtain iontach.