Seachtain na Gaeilge 2014
I measc na n-imeachtaí i rith na seachtaine bhí ceardlanna damhsa le Brónach agus céilí na hidirbhliana le cailiní Mhainistir Loreto, Deilginis. Bhí bua iontach ag na múinteoirí ar an Idirbhliain sa chluiche peile (arís!). Tá gearán oifigiúil a dhéanamh ag lucht na hIdirbhliana áfach, a rá go raibh leath an SCT ag imirt ina gcoinne. Bhí go leor imeachtaí taitneamhacha eile ar fáil: tóraíochtaí taisce, tráthnna na gceist, díospóireachtaí, seomra caidrimh, poc fada, ceol agus scannáin ina measc. Gabhaimíd buíochas le Roinn na Gaeilge as a n-iarrachtaí ar fad agus táimid ag súil go mór le Seachtain na Gaeilge 2015.
Seachtain na Gaeilge as usual was a great success with a busy programme of events which included dancing, sport, film, debating, quizzes, a treasure hunt and a seomra caidrimh for sixth years. Thanks to Miss Payne and the Irish Department for an enjoyable week.